(I’m staying in the Gaeltacht for a bit, so I’m going to be blogging as Gaeilge. If you haven’t got any Irish, just check out the amazing pictures of where I’m staying below. It’s called Molly Baun’s Cottage in Spiddal, and I recommend it highly. Also check out the pictures of the Macnas Parade! And finally, if you’re a Gaeilgeoir and you have ANY CORRECTIONS ON MY IRISH, they are very welcome! Publicly shame me in the comments, I love it.)
Sian Ní Mhuirí anseo, ag chraoladh ón Gaeltacht agus ag tabhairt droch-úsáid mór don tuiseal ginideach, agus gach riail ghramadúil eile. Is dóigh (domsa) go bhfuil beagán disléicse agam, mar níl mo thuiscint ghramadúil agus litruí go híontach i mBéarla, gan bheith ag smaoineamh ar dara agus tríú teangacha… Ach ní bhacaim leis mar is ‘drips’ mór iad an dream bheith gafa le grammadach agus táim ag déanamh ceart go leor mar scríobhnóir gan ciall na teangeolaí. So… bí ag súil go mbéidh an scríbhneoireacht níos samhlaíche ná gnáth.
Ar an chéad dul síos, caithfidh mé mo chara nua Mary a moladh as ucht a teachín íontach, ina bhfuil mé ag stopadh sa Spidéal. Is ea Molly Baun’s Cottage an t-ainm atá air agus (cé go fuath liom Airbnb, yadda yadda) is aoibheann liom an teachín, agus sílim go bhfuil sé an lóistín ar cíos is fearr a fhuair mé riamh tríd an suíomh sin. Feicígí ar na dathanna, na patrúin, an mheidir! Níl aon nasc WiFi ann, ach cheapaim gur rud mhaith é sin, mar tá orm níos mó am a chaitheamh ar mo STAIDÉAR.
Ar an dara dul síos, seo é an áit a bhí mé ag snámh Domhnach… Fiú amháin go bhfuair mé bás cúpla nóiméad tar éis an ghriangraf…
Agus is é an mórshiúil a raibh mé ag féachaint ar tar éis an snámh, i gcathair na Gaillimhe.
Nach íontach an saol san iarthar!
Tá cúpla sprioc agam maidir leis an am a bheidh chaite agam sa Ghaeltacht. Baineann siad leis na tionscadail a mbéidh agam i rith na gheimhridh seo chugainn, agus rudaí eile suimiúil bheidh ag tosú sa bhliain nua. Is rudaí éagsúla iad na spriocanna, agus tugann siad fianaise díreach gur Gaelgóir ‘Mhaith-in-a-bheith’ mé (an bhfuil an chomhfhocail seo ‘rud’? Tá suil agam go bheith ‘rud’ é!) mar níl mé ábalta Gaeilge bhunúsach a thuiscint. Oh bhhhuuueeell….
Na spriocanna
- Tuiscint iomlán faoin Chopail – Cén fáth go húsáideann muid ‘tá’ maidir le rud amháin agus ‘is é/í’ maidir le rud eile? Is féidir liom an Chopail a húsáid an fórmhór den am, ach ní thuigim go díreach ceard é ‘The Copula’ mar coincheap agus na riaileacha éagsúla a bhaint leis.
- Meadú mo stór focal maidir leis rudaí ‘muirí’ (an fharraige, in ionad mo shlionne) – Caithfidh mé aistriúchán a dhéanamh ar dhráma faoi liamhán gréine. Sin é.
- Níos mó nathanna cainte nadurtha a fháil – Mar níl aon turn-of-phrase mar do thurn-of-phrase féin dúchasach.
- Tuiscint iomlán faoin an tAinmfhocal Briathartha agus tAidiacht Bhriathartha, Lagiolra agus Tréaniolra – Cé go d’fhreastail tú ar mheanscoil in Éirinn, cé go rinne tú Gailge Ardléibhéal, táim beagnach cinnte ná chuala tú faoi ‘lagiolra agus tréaniolra’ riamh. ‘Weak plurals and strong plurals‘, nó ‘draíocht’ mar tugtar air maidir liomsa.
- Logainmneacha á phlé – Mar is rudaí iontacha ceolmhara iad na logainmneacha i gConamara agus tá suim agam iontu.
Agus…
Sin a bhfuil na Príomhscéalta ón Iarthair.
S x
Pingback: Múideadh Ghaeilge, agus Rudaí Fánacha Fadálacha Eile – Sian Ní Mhuirí
Pingback: The Polyglot Project 2 / An Tionscadal Ilbhéarlach 2 – The Book That Every Home Needs / An Leabhar Ag Teastáil Uainn Uile / Mā Mātou Tēnei Pukapuka – Sian Ní Mhuirí